COMHARTaighde (Dec 2021)

Breithiúnas an Bhoird Snip Nua agus Toil an Troika: Polasaí Gaeilge i bPoblacht na hÉireann, 2008–2018

  • Ben Ó Ceallaigh

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2021.05
Journal volume & issue
Vol. 7
p. e5

Abstract

Read online

Déantar plé san alt seo ar pholasaí Gaeilge i bPoblacht na hÉireann sna deich mbliana a lean cliseadh eacnamaíochta 2008. Cé go ndearnadh athruithe móra ar pholasaithe teanga le linn na géarchéime seo — an ghéarchéim ba mhó i stair an stáit — is beag iarracht a rinneadh go dtí seo i litríocht sochtheangeolaíochta na Gaeilge le iad a phlé i gcomhthéacs an chúlaithe agus freagra an stáit air. Pléitear anseo cuid de na polasaithe nua a tháinig isteach sa tréimhse seo, go háirithe an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 agus Acht na Gaeltachta 2012, agus déantar an argóint gur polasaithe nualiobrálacha iad seo, toradh ar fhreagra nualiobrálach an stáit ar an gcúlú eacnamaíochta. Is idé-eolaíocht é an nualiobrálachas a mhaíonn nár chóir don stát idirghabháil a dhéanamh sa mhargadh ach amháin le tacú le lucht caipitil. Cé gur tháinig an nualiobrálachas chun tosaigh go hidirnáisiúnta ó na 1970idí i leith, is le fás an Tíogair Cheiltigh a tháinig borradh faoi in Éirinn. Cuireadh fuadar ní ba mhó faoi nualiobrálú polasaí poiblí tar éis 2008, nuair a bhí tionchar suntasach ar pholasaí stáit ag an Special Group on Public Service Numbers and Expenditure Programmes (‘an Bord Snip Nua’) agus an ‘Troika’, a bhí i bhfeighil ar bhainistiú an gheilleagair ó 2010–2013. Léirítear san alt seo gur ionann cur chuige leamh an stáit i leith an Straitéis 20 Bliain agus Acht na Gaeltachta 2012 agus tarraingt siar mór ón ról a bhíodh ag an stát i gcur chun cinn na Gaeilge. Maítear gur léiriú é polasaí Gaeilge an stáit sa tréimhse seo ar an neamhréiteach bunúsach atá idir an nualiobrálachas agus an t‑athneartú teanga. Chomh maith le polasaithe oifigiúla, úsáidtear na ciorruithe ollmhóra a cuireadh i bhfeidhm ar earnáil na Gaeilge mar léiriú ar pholasaí ‘folaithe’ agus déantar plé ar an ngné thábhachtach seo de pholasaí teanga, gné nach bhfuil mórán airde tugtha uirthi sa litríocht in Éirinn go dtí seo.

Keywords