COMHARTaighde (Nov 2020)

Tírdhreach, Teanga agus Taise Chríostaí: Gné na hInsinte i bhFilíocht Derry O’Sullivan

  • Máirín Nic Eoin

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2020.07
Journal volume & issue
Vol. 6
p. e7

Abstract

Read online

Is é cuspóir na haiste seo gné na hinsinte d’ealaín an fhile Derry O’Sullivan a chíoradh trí anailís a dhéanamh ar raon dánta as na cnuasaigh dá chuid: Cá bhfuil do Iúdás? (1987), Cá bhfuil Tiarna Talún L’Univers? (1994), “An Bhfuil Cead Agam Dul Amach, Más é do Thoil é?” (2009), Dúnann Dia a Dhoras Dé Domhnaigh (2014) agus Siúlóir Tine is Dánta Eile (2019). Aithnítear luach an idirdhealaithe a rinne Seán Ó Ríordáin nuair a mhaígh sé nach ‘insint dán ach bheith’, ach áitítear san aiste seo gur gné thábhachtach den nuafhilíocht í an insint mar sin féin, agus gur modh léirithe atá lárnach go maith i saothar Derry O’Sullivan í. Trí dhíriú ar dhánta a bhfuil an fócas ar shonraí fisiciúla nó ar ghnéithe den tírdhreach, feictear gur minic gurb í timpeallacht ábhartha ‘eachtraí’ an dáin an t-ardán a chuireann ar chumas an fhile scód a scaoileadh lena shamhlaíocht bhisiúil. Tarraingíonn O’Sullivan ar ábhar dírbheathaisnéiseach go minic, ach ní hí an mhiméis ná an fhéinfhaisnéis is feidhm don fhilíocht aige. Ina ionad sin, is amhlaidh a bhíonn a chur chuige cumadóireachta ag claonadh go láidir i dtreo an osréalachais, agus an t-eispéireas comónta á chlaochlú ina eachtra mhéaldrámata nó ina bhraistint aduaine. Pléitear an ghné láidir fhísiúil sna dánta agus an earraíocht a bhaintear as íomhánna agus tuiscintí Críostaí. Críochnaíonn an aiste le háiteamh gur mhithid a thuilleadh airde a thabhairt ar fhilíocht O’Sullivan, duine de bhuíon filí Gaeilge atá ar imeall na canóna.

Keywords