COMHARTaighde (Nov 2020)

Bìrlinn Chlann Raghnaill: Long a fuair foscadh in Éirinn

  • Peadar Ó Muircheartaigh

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2020.10
Journal volume & issue
Vol. 6
p. e10

Abstract

Read online

Déantar luathstair an dáin Albanaigh Bìrlinn Chlann Raghnaill le hAlasdair Mac Mhaighstir Alasdair a chíoradh san alt seo. Scrúdaítear luathchóip den dán a chaomhnaítear i measc pháipéirí Chathail Uí Chonchúir (1710–1791) in Acadamh Ríoga na hÉireann, d’fhonn léargas a thabhairt ar luathstair théacsúil an dáin. Léirítear gur chuir an scoláire Albanach Seumas MacLathagain (1728–1805) cóip an Acadaimh chuig Cathal Ó Conchúir am éigin tar éis Feabhra na bliana 1771, agus gur bhailigh MacLathagain an téacs le linn turais a thug sé ar Innse Gall i samhradh na bliana 1770. Fágann an fhianaise nua seo gur bailíodh leagan MhicLathagain de Birlinn Chlann Raghnaill sé bliana sular fhoilsigh mac an fhile an dán den chéad uair.

Keywords