COMHARTaighde (Nov 2015)

Róisín Dubh: mar a chruthaigh Seán Ó Riada aintiún an Éirí Amach

  • Deirdre Ní Chonghaile

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2015.03
Journal volume & issue
Vol. 1, no. 1
p. e1

Abstract

Read online

Nuair a dhéanfar comóradh ar Éirí Amach na Cásca i 2016, is cinnte go mbeidh fonn áirithe ceoil ag dul go haer: is é sin fonn an amhráin Róisín Dubh mar a chóirigh Seán Ó Riada é don scannán Mise Éire. Bhí rogha phríomh-fhoinn an scannáin chomh tréan spreagúil sin uaidh, agus a chóiriú ceolfhoirne chomh hallabhrach do-dhearmadta, go bhfuil an fonn agus an scannán anois fite fuaite i gcuimhne an phobail. Is minic le daoine Mise Éire a thabhairt ar fhonn Róisín Dubh, agus creideann mórán gurb é Ó Riada a chum é, botún a chuir díomá air. Scrúdaíonn an t-alt seo conas mar a chruthaigh Ó Riada saol nua don fhonn seo – agus, dá bhrí sin, don amhrán é féin – saol ina bhfuil nasc dlúth aige le 1916 agus le ceol, stair, agus féiniúlacht na hÉireann. Tugtar léargas ar an úsáid éifeachtach a bhain Ó Riada as ceolfhoirniú agus as foinn agus móitífeanna chun cuidiú le scéal an scannáin a insint. Mínítear conas a tharraing sé ar thraidisiúin éagsúla – ceol na scannán, ceol an náisiúnachais, agus traidisiún na foirne ceoil – chun brí agus anam a chur sna fuílligh as a ndearnadh an scannán, ríleanna fánacha nuachta agus grianghraif. Freisin, áitítear go mbaineann nuálaíocht Uí Riada le traidisiún idirnáisiúnta aintiún neamh-oifigiúil. Ag tagairt do shamplaí as iar-choilíneachtaí Rúiseacha, an Fhionlainn agus an Eastóin, léireofar gur féidir le fonn amháin gníomhú in aeráidí éagsúla polaitiúla chun an status quo a threascairt agus, ansin, a dhaingniú.

Keywords