COMHARTaighde (Oct 2016)

Agallamh Oisín agus Phádraig: léamha ón bparaitéacs

  • Síle Ní Mhurchú

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2016.04
Journal volume & issue
Vol. 2, no. 1
p. e4

Abstract

Read online

San aiste seo, baintear úsáid as coincheap an pharaitéacs le Gérard Genette chun anailís a dhéanamh ar na cóipeanna lámhscríbhinne d’Agallamh Oisín agus Phádraig. Léiríonn na paraitéacsanna seo go raibh níos mó i gceist le saothar an scríobhaí ná cóipeáil: rinne mórán acu machnamh dian ar an ábhar a bhí á scríobh acu agus thugadar freagra ar ghluaiseachtaí stairiúla agus intleachtúla a bhí ag dul i bhfeidhm orthu ina gcuid scríbhinní paraitéacsúla. Féachtar ar na hathruithe a rinneadh ar chur i láthair na dtéacsanna le himeacht na mblianta agus ar na scríbhinní paraitéacsúla éagsúla — teidil, réamhráite, gluaiseanna, aistriúcháin, agus téacsanna eile nach iad — a cuireadh leis an Agallamh. Thug an paraitéacs spás do scríobhaithe inar fhéad siad dul i gcion ar phátrúin agus ar léitheoirí eile agus is iad seo a leanas na príomhthéamaí a eascraíonn ó anailís ar pharaitéacsanna an Agallaimh: cuntais na scríobhaithe ar cheird na scríbhneoireachta; athruithe i leagan amach na dtéacsanna faoi thionchar an chlóphreasa; an Béarla sa pharaitéacs; tagairtí do shaothar James Macpherson; meath na Gaeilge. Ar deireadh, fiafraítear an dtugann na scríbhinní paraitéacsúla léargas dúinn ar na mothúcháin a mhúscail an tAgallamh ina léitheoirí agus ina éisteoirí.

Keywords