COMHARTaighde (Nov 2019)

Urraim agus uafás ionchollaithe: Ómós do John Millington Synge le Máirtín Ó Direáin

  • Deirdre Ní Chonghaile

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2019.01
Journal volume & issue
Vol. 5
p. e1

Abstract

Read online

Ag machnamh dó ar shaothar iomlán John Millington Synge, d'eisigh Yeats an duanmholadh cáiliúil seo: ‘He loves all that has edge, all that is salt in the mouth, all that is rough to the hand, all that heightens the emotions by contest, all that stings into life the sense of tragedy’ (1911: 20). Ceithre scór bliain ina dhiaidh sin, mhol Breandán Ó hEithir Synge as fírinne shearbh an tsaoil chomhaimseartha in Árainn a nochtadh: ‘the frequent assaults, maiming of horses and cattle, boycotts, victimizations, evictions and allegations of forced conversions’ (1991: 61). Maolaíonn sé a mholadh, áfach, nuair a mheasann nár nocht Synge a dhóthain, nár theannaigh sé le ‘the frank, often scathing realism of the novels of Liam O’Flaherty’ (62). San umhlú seo do bhua a uncail, eisíonn Ó hEithir cuireadh chun athmhachnamh a dhéanamh ar stráitéis Synge i leith Árann. Trí anailís ghrinn ar an dá leagan foilsithe de dhuanmholadh Uí Dhireáin do Synge (1953; 1957), pléann an t-alt seo luathfhiosrúchán an Direánaigh faoin tionchar a bhí ag Synge ar chanóin iomráiteach liteartha Árann agus, dá bharr sin, ar an oileánra féin. Mar a ghlac Synge seilbh ar Árainn, glacann an saoi file seilbh ar shealbhú Synge agus labhraíonn ar son Árann. Fógraíonn sé gurb ionann neamhaird a dhéanamh don ghuth áitiúil agus leithcheal a dhéanamh air. Áitíonn sé go bhfeidhmíonn Synge sna hiarrachtaí éagsúla chun cothrom na féinne a bhaint amach d’Árainn i leith na sochaí, i leith an chultúir, agus i leith na teanga. Bronnann an anailís nua seo orainn saibhreas de thuiscintí úra nár nocht aistritheoirí ná scoláirí cheana.

Keywords