COMHARTaighde (Oct 2017)

Gaeil i ngéibheann: Frongoch, an Ghaeilge agus Y Fro Gymraeg

  • Caitríona Ó Torna

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2017.06
Journal volume & issue
Vol. 3, no. 1
p. e6

Abstract

Read online

Tar éis Éirí Amach na Cásca, seoladh breis agus 1,800 Éireannach go campa géibhinn in iardhrioglann Frongoch i dtuaisceart na Breataine Bige. Is ann a coinníodh na cimí go ceann roinnt mhaith míonna; seoladh na cimí deireanacha ar ais go hÉirinn seachtain na Nollag 1916. Maítear gur thug an tréimhse sin i gcampa Frongoch deis do na Poblachtánaigh ord, eagar agus oiliúint a chur orthu féin mar bhuíon saighdiúirí, ar dhlúthchuid é den chur chuige a úsáideadh i gCogadh na Saoirse dá éis sin. Cuid den oiliúint sin in Frongoch ab ea na ranganna Gaeilge a reáchtáladh sa champa; bhí ceachtanna agus ócáidí Gaeilge i measc imeachtaí na gcimí seacht lá in aghaidh na seachtaine. San alt seo, breathnófar ar imeachtaí laethúla an champa, ar ról na Gaeilge i saol an champa, ar an ábhar teagaisc a bhí ar fáil agus ar na múinteoirí a chuaigh i mbun teagaisc. Cíorfar freisin tionchar na Breatnaise agus suíomh an champa i gceartlár cheantar Breatnaise ar dhearcadh na gcimí ar a dteanga agus a gcultúr féin. Ar spreag láthair Frongoch iad chun smaoineamh as an nua ar an nGaeilge mar mheán cumarsáide nuair a bhainfí saoirse amach? Scrúdófar an caidreamh a bhí ann idir na cimí agus muintir an cheantair féin chomh maith. Ar cuireadh fáilte roimh na reibiliúnaigh, na colceathracha Ceilteacha seo a bhí tar éis éirí amach i gcoinne an tsean-namhad? Nó ar mhó an tionchar a bhí ag imeachtaí an Chéad Chogaidh Dhomhanda ar dhearcadh mhuintir Frongoch?

Keywords