COMHARTaighde (Oct 2017)

Croidhe Cainnte Chiarraighe agus foclóir an Duinnínigh

  • Tracey Ní Mhaonaigh

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2017.04
Journal volume & issue
Vol. 3, no. 1
p. e4

Abstract

Read online

Nuair a chinn Seán Óg Ó Caomhánaigh ar Croidhe Cainnte Chiarraighe a thiomsú chuir sé sampla faoi bhráid Choiste Comhairleach na Roinne Oideachais. I mí Eanáir 1935, phléigh an Coiste Comhairleach an sampla, giota den litir ‘B’ a bhí faighte acu uaidh. D’iarr siad ar Mhícheál Ó Gríobhtha, eagarthóir Muimhneach de chuid An Gúm, breathnú ar an ngiota agus chuir sé in iúl dóibh gur mheas sé go mbeadh sé luachmhar mar shaothar. Moladh, dá bharr, go bhféadfadh Seán leanúint ar aghaidh leis an obair. Chuir Seán Óg an chéad chuid eile den litir ‘B’ chuig an Roinn agus, mar a rinneadh leis an gcéad chuid, scrúdaigh Ó Gríobhtha an t-ábhar. Feicimid go raibh amhras air i dtaobh cuid de na samplaí a raibh, dar leis, cuma an Bhéarla orthu, chomh maith le samplaí eile a bhí cosúil le samplaí as foclóir an Duinnínigh. Agus níorbh é seo an t-aon uair amháin le linn an tionscnaimh go dtagrófaí don chosúlacht idir saothar Sheáin Óig agus foclóir seo an Duinnínigh. Díreofar san alt seo ar cheist seo na cosúlachta idir Croidhe Cainnte Chiarraighe agus foclóir an Duinnínigh agus ar fhreagra Sheáin Óig ar an gceist.

Keywords