COMHARTaighde (Nov 2019)

‘An saol i scáthán an scéil’: léamh soch-chultúrtha ar scéal iontais a d’inis Mícheál Breathnach ón Mhám, Contae na Gaillimhe

  • Ailbhe Nic Giolla Chomhaill

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2019.02
Journal volume & issue
Vol. 5
p. e2

Abstract

Read online

San alt seo, déantar iniúchadh ar scéal iontais dar teideal ‘Seán a’ Droma’ (SD), a d’inis an scéalaí Mícheál Breathnach ón Mhám, Contae na Gaillimhe, do Sheán Mac Giollarnáth, breitheamh chúirt dúiche Chonamara, sa bhliain 1934. Rangaítear SD faoin uimhir ATU 301 — The Three Stolen Princesses — in innéacs na scéalta béaloidis idirnáisiúnta (Uther 2004: 176–179). Ba scéal é a bhí an-choitianta i dtraidisiún béil agus liteartha na hÉireann agus tá turas an fhir óig go dtí an Domhan Thíos mar bhunús leis. Mar is dual don scéal iontais, déantar cur síos in SD ar theacht in inmhe an ógánaigh agus ar na dúshláin chasta a bhíonn le sárú aige i ndomhan draíochtach na hosnádúrthachta. Faoin am a fhilleann Seán a’ Droma ar an bhaile ag deireadh an scéil, cuirtear in iúl don éisteoir go bhfuil na scileanna aige a chuirfidh ar a chumas a ról a chomhlíonadh mar bhall inniúil dá phobal. San iniúchadh a dhéantar ar SD san alt seo, tarraingítear ar an eolas beathaisnéiseach a bhailigh Seán Mac Giollarnáth agus bailitheoirí béaloidis eile faoi Mhícheál Breathnach sna 1930idí. Dírítear aird ar leith ar an taithí a bhí ag an scéalaí ar an imirce in Sunderland, Sasana, agus ar an fhonn chun foghlama a léirigh Breathnach le linn na tréimhse sin. Is díol suntais é gur chuir sé lena stór scéalta trí scéalta ó fhoinsí liteartha a fhoghlaim, mar shampla, rud a mhéadaigh a ghradam mar ealaíontóir béil i measc na scoláirí béaloidis a tháinig a fhad le ceantar an Mháma roimh agus tar éis bhunú Choimisiún Béaloideasa Éireann sa bhliain 1935.

Keywords