COMHARTaighde (Nov 2020)

Ceannairí Éirí Amach 1916 agus gnéithe d’eitic agus d’aeistéitic na codarsnachta i ndánta le Máirtín Ó Direáin

  • Marie Whelton

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2020.12
Journal volume & issue
Vol. 6
p. e12

Abstract

Read online

Déanann an páipéar seo iniúchadh ar thrí dhán le Máirtín Ó Direáin ina bpléann sé le laochra 1916. Is iad na dánta atá i gceist ná: ‘Séamus Ó Conghaile’ (Aiséirighe 1941, Coinnle Geala 1942); ‘Ár Laochra’ (Feasta 1960; Ár Ré Dhearóil 1962) agus ‘Éire ina bhFuil Romhainn’ (Deirdre 1958; Ár Ré Dhearóil 1962). Is éard a áitítear ná go bhfuil áit lárnach ag an gcodarsnacht mar theicníc liteartha sna dánta agus go bhfuil siad á stiúradh go háirithe ag an gcodarsnacht idir dhá dhualgas fhileata thraidisiúnta (an aoir agus an moladh). I ngach ceann de na dánta, tugann Ó Direáin an aoir agus an moladh le chéile. Ag an leibhéal is simplí, molann sé na laochra agus cáineann sé ceannairí na haoise ina maireann sé. Ag leibhéal níos doimhne, ámh, cuireann Ó Direáin ceannairí 1916 i láthair mar phearsana nach bhfuil muintir a linne féin ag teacht lena chéile maidir lena dtábhacht agus éiríonn leis seasamh cinnte a thógáil ar a son agus in aghaidh na fuarchúise agus an dearmaid. Cé go ndéanann na dánta ceap milleáin de na ceannairí reatha, tá dóchas sna dánta go léir as muintir na hÉireann agus go háirithe as a cumas fís shóisialta cheannairí 1916 maidir leis an gceartas a chur i gcrích. Tríd an anailís a shuíomh laistigh de chíoradh ginearálta ar fheidhmeanna na codarsnachta agus an chuimhneacháin, cuireann an t-alt seo i gcás go sábhálann an dóchas sainiúil sin na dánta ón taobh is diúltaí d’éadóchas na haoire agus go méadaíonn sé, dá réir, ar a n-éifeacht eiticiúil agus ar a n-éifeacht aeistéitiúil.

Keywords