COMHARTaighde (Nov 2020)

An Litir Abú, an Litir Amú: Tríológ Liam Mhic Cóil

  • Mícheál Mac Craith

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2020.03
Journal volume & issue
Vol. 6
p. e3

Abstract

Read online

Tá na tréithe ar fad a bhaineann le seánra an scéinséara staire le sonrú ar thríológ Liam Mhic Cóil, An Litir (2011), I dTír Strainséartha (2014) agus Bealach na Spáinneach (2019): eachtraíocht, contúirt, fionraí, scleondar. Is i gcathair na Gaillimhe in Earrach na bliana 1612 a thosnaíonn an scéal nuair a leagtar cúram ar an ógánach Lúcás Ó Briain litir rúnda a iompar chuig Aodh Ó Néill sa Róimh. Ní fios cé na gábha agus na guaiseanna atá le sárú ag an mBrianach ar an mbealach, gníomhairí Gallda sa tóir air i nGaillimh féin, i mBriostó Shasana, san Ísiltír Spáinneach agus san Iodáil. Ar inn ar éigean a éiríonn leis an Róimh a bhaint amach go slán sábháilte agus an litir a thabhairt ar lámh d’Aodh Ó Néill. Dá mhéid iad na bacanna baolacha atá sáraithe aige le linn an turais, ní dada iad le hais an tsuaite a bhaintear as nuair a chloiseann sé ábhar na litreach, gan de rogha aige ar deireadh ach í a dhó amhail is nárbh ann di riamh. Díríonn an aiste seo ar thrí ghné suaitheanseacha den tríológ, an tuairisc ar chathair na Gaillimh sa luathré nua, an bhéim ar cheard agus ealaín na pionsóireachta, agus an stíl reacaireachta. Siúd is gur leis an gcéad leabhar amháin a bhaineann an tuairisc ar chathair na Gaillimhe, tá an dá ghné eile le fáil ina n-orlaí tríd an saothar ar fad. Is de réir a chéile a fhoghlaimíonn an léitheoir nach aon reacaire amháin atá ag an scéal ach triúr, Lúcás agus é ag soláthar cuntais leathchéad bliain ina dhiaidh sin, an ginealeolaí cáiliúil An Dubhaltach Mac Fhirbhisigh, agus staraí notáilte eile ón seachtú haois déag, an tAthair Seán Luínseach agus é ar deoraíocht i Saint Malo na Fraince. Ní mór a mheabhrú freisin nach comhoibritheoirí fulangacha amháin iad an Firbhiseach agus Luínseach ach go bhfuil taighde dá gcuid féin ar bun acu ar an mbuneachtra. Baintear leas as teoiricí Hayden White, Paul Ricoeur agus Jacques Derrida chun léargas ar thabhairt ar fheidhm na reacaireachta iolraí seo i bhforbairt na tríolóige.

Keywords