COMHARTaighde (Oct 2016)

Tuismitheoirí ina ngníomhairí in earnáil an Ghaeloideachais

  • Gabrielle Nig Uidhir,
  • Seán Ó Cathalláin,
  • Pádraig Ó Duibhir

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2016.06
Journal volume & issue
Vol. 2, no. 1
p. e6

Abstract

Read online

Le dhá scór bliain anuas, is tuismitheoirí a chruthaigh an t-éileamh ar an oideachas lán-Ghaeilge agus a thiomáin borradh na scoileanna. Mar sin de, is fiú go mór aird an taighdeora a dhíriú ar na fachtóirí a spreagann an Ghaelscolaíocht mar rogha acu agus ar na tosca a mheallann a rannpháirtíocht nó a chuireann ina haghaidh. Sa mhórstaidéar as a n-eascraíonn an aiste taighde seo, tá rannpháirtíocht tuismitheoirí in oideachas lán-Ghaeilge a gcuid páistí ar na ceisteanna a ndearnadh anailís orthu. Cé gur peirspictíocht na múnlaí difriúla soláthair atá lárnach sa mhórstaidéar (Ó Duibhir et al. 2015), dírítear aird ar cheisteanna a bhaineann le tuismitheoirí san earnáil lán-Ghaeilge go speisialta san aiste seo. Go ginearálta, léirigh tuismitheoirí sásamh leis an oideachas a fuair a gcuid páistí agus bhí dearcadh dearfach le sonrú i leith na tacaíochta a chuirtear ar fáil dóibh. Tá an baol ann nach dtuigtear go forleathan impleachtaí a bhaineann le rannpháirtíocht tuismitheoirí agus an nasc le dearcadh na ndaltaí ar an fhoghlaim. Sa taighde seo, mar shampla, fuarthas gaol idir patrúin teanga sa bhaile agus an tuairim a bhí ag daltaí ar an spreagadh a thug nó nár thug tuismitheoirí dóibh. Nuair a labhair tuismitheoirí Béarla amháin sa bhaile lena bpáistí, thuairiscigh na daltaí scóir ní b’ísle maidir le spreagadh ó thuismitheoirí agus maidir le féinchoincheap ó thaobh a gcumais sa Ghaeilge de. De réir a chéile, tá an corpas taighde ar ghnéithe den oideachas lán-Ghaeilge ag dul i méid agus ag soláthar fianaise a threoraíonn pleanáil agus dul chun cinn an tsoláthair. Is éard is mian le húdair an ailt seo ná cur leis an tuiscint atá ar fáil ar an ról a imríonn tuismitheoirí i scolaíocht lán-Ghaeilge a gcuid páistí, léargas a thabhairt ar roinnt castachtaí sa phróiseas agus ar dhea-chleachtas a threisíonn rannpháirtíocht tuismitheoirí.

Keywords