COMHARTaighde (Nov 2019)

An Seanadóir Owen Sheehy Skeffington agus an tionchar a bhí aige ar dhíospóireachtaí faoin nGaeilge sna 1960idí

  • Hugh Rowland

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2019.04
Journal volume & issue
Vol. 5
p. e4

Abstract

Read online

Intleachtóir radacach liobrálach ba ea an Seanadóir Owen Sheehy Skeffington (1909–1970). Fear léinn, fear cúise agus polaiteoir ba ea é a raibh tuairimí go leor aige faoi cheist an cheartais, agus go deimhin, faoi na dúshláin éagsúla chultúir agus pholaitíochta a bhí le sárú ag an stát lena linn. Ba mhac é le Frank agus le Hanna Sheehy Skeffington, beirt a bhfuil a gcáil imithe i bhfad agus i ngearr mar gheall ar an bhfeachtas chun cearta vótála do mhná a bhaint amach ag tús an 20ú haois. Ba fhear ildánach é Sheehy Skeffington a bhí ina léachtóir le Fraincis i gColáiste na Tríonóide agus a toghadh faoi dhó ina Sheanadóir neamhspleách ar phainéal Ollscoil Bhaile Átha Cliath. Fuair sé bás sa bhliain 1970. San aiste seo, leagfar béim ar na blianta deireanacha dá shaol ag deireadh na 1960í, tráth ar nocht sé a thuairimí faoi cheist na Gaeilge éigeantaí. Ba sa bhliain 1966, agus comóradh leathchéad bliain Éirí Amach na Cásca ar na bacáin, a ghlac sé ballraíocht sa Language Freedom Movement (LFM). Bunaíodh an LFM sa bhliain 1965 agus chuir an eagraíocht sin roimpi féin feachtas náisiúnta a chur ar bun chun fáil réidh leis an nGaeilge éigeantach Ardteistiméireachta agus státchórais. Ba thréimhse ghuagach mhórathruithe í seo in Éirinn agus luachanna cultúrtha na tíre, agus an Ghaeilge ina measc, ag teacht faoi athbhreithniú ag an aos polaitiúil is léinn. Laistigh den chomhthéacs athraitheach sin, déantar anailís san aiste seo ar na tuairimí agus ar na tuiscintí a bhí ag Owen Sheehy Skeffington i leith chur chun cinn na Gaeilge in Éirinn, bíodh sin sa Ghaeltacht nó lasmuigh di. Chuige sin, tá an anailís a dhéantar bunaithe ar chartlann Sheehy Skeffington i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann chomh maith le cartlann an LFM in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Cuirtear faisnéis chomhaimseartha nuachtáin mar aon le roinnt saothar beathaisnéiseach sa mheá freisin. Agus tuairimí Sheehy Skeffington agus an LFM faoi thrácht, léirítear san aiste seo go raibh blaiseadh láidir de náisiúnachas polaitiúil thús an fichiú haois le tabhairt faoi deara sna meonta a nochtadh i leith na Gaeilge sna 1960idí. Dá bhíthin sin, áitítear go raibh oidhreacht Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann, agus fealsúnacht an pháirtí sin i leith na Gaeilge, fós le sonrú sa dioscúrsa poiblí sna 1960idí. An toradh a bhí air seo ná gur mheon réasúnach fóntaíoch a bhí á chur in iúl ag Sheehy Skeffington agus ag an LFM chomh fada agus a bhain leis an nGaeilge.

Keywords