COMHARTaighde (Oct 2016)

‘An rabhas-sa im ní riamh?’ — Coincheap na beithe i saothar an Ríordánaigh

  • Ríona Ní Churtáin

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2016.03
Journal volume & issue
Vol. 2, no. 1
p. e3

Abstract

Read online

Ba scríbhneoir bisiúil é Seán Ó Ríordáin (1916–1977), agus is iomaí saothar acadúil atá scríofa faoi ghnéithe éagsúla dá chuid scríbhneoireachta. Is díol suntais é nach bhfuil mórán scríofa faoi thábhacht a shaothair i gcomhthéacs na fealsúnachta Eorpaí. San aiste seo, déantar anailís chomparáideach ar choincheap na beithe i saothar an Ríordánaigh agus i saothar an fhealsaimh cháiliúil Jean-Paul Sartre (1905–1980) faoi seach. Ba scríbhneoir comhaimseartha é Sartre, a chuir a choincheapa fealsúnachta in iúl trí mheán a shaothair chruthaithigh go minic agus a raibh cuid dá shaothar i seilbh an Ríordánaigh trí mheán an aistriúcháin. Tá cúig shaothar dá chuid ar fáil i mbailiúchán leabhar an Ríordánaigh i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh (In Camera (1958), Intimacy (1960), Words (1964), Nausea (1965) agus Room (1969)). Tugtar achoimre ghairid ar shainmhínithe Sartre ar an mbeith, agus déantar anailís ar na cosúlachtaí, chomh maith leis na difríochtaí, atá ann idir a choincheapa siúd agus coincheapa an Ríordánaigh. Léirítear go raibh tuairimí difriúla ag an mbeirt acu i dtaobh choincheap na heisinte, ach in ainneoin na ndifríochtaí sin, gurbh iomaí cosúlacht a bhí ann idir a dtuairimí faoi shaoirse an duine agus faoin mbuairt aigne a ghabhann léi. Scríobh an bheirt acu faoin neirbhís a bhíonn ar an duine de dheasca na saoirse ollmhóire atá aige/aici, agus ar na slite éalaithe éagsúla a bhíonn á lorg aige/aici uaithi. Rinne an bheirt acu anailís ar thábhacht an duine eile dár saoirse chomh maith, agus ar an mbagairt dár saoirse a bhíonn ann nó inti. Déantar anailís ar thionchar na gcoincheap seo ar dhearcadh an Ríordánaigh ar an saol, agus ar an gcaidreamh a bhí aige le daoine eile agus leis féin dá bharr. Dearbhaítear, dá réir, gur féidir an scríbhneoir Gaeilge, Seán Ó Ríordáin, a áireamh i measc smaointeoirí na hEorpa a thug faoi mhórcheisteanna fealsúnta an eiseachais san fhichiú haois.

Keywords