COMHARTaighde (Nov 2020)

An nua-aoiseachas liteartha agus filíocht Phádraig Mhic Fhearghusa

  • Liam Mac Amhlaigh

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2020.02
Journal volume & issue
Vol. 6
p. e2

Abstract

Read online

Tá dhá chuspóir leis an alt seo: cur leis an mbeagán critice foilsithe ar shaothar an fhile Pádraig Mac Fhearghusa le cúiteamh éigin a thabhairt ar an bhfaillí shuntasach i gcritic na Gaeilge a fhágann a scothshaothar seo gan an anailís agus an ceiliúradh atá tuillte aige; agus brí a bhaint as tionchar an nua-aoiseachais liteartha, agus an tras-nua-aoiseachais go háirithe, le saothar Mhic Fhearghusa a thabhairt chun comhthéacs leis an gcritic liteartha sin. Tugtar faoin dá chuspóir seo ag cuimhneamh ar an oidhreacht shaibhir i ndioscúrsa na critice liteartha atá curtha ar fáil go dtí seo ag an Ollamh Máire Ní Annracháin ar léann nualitríochtaí Ghaeilge na hÉireann agus na hAlban le daichead bliain anuas.

Keywords