COMHARTaighde (Oct 2016)

‘Cé hí siúd Biddy Jenkinson?’: freagra an fhile ina saothar neamhfhicsin

  • Caitlín Nic Íomhair

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2016.05
Journal volume & issue
Vol. 2, no. 1
p. e5

Abstract

Read online

In ainneoin a bisiúlachta agus a stádais mar dhuine de mhórscríbhneoirí Gaeilge na linne, is beag atá scríofa ar mhodh oibre Bhiddy Jenkinson. Na scoláirí a chuaigh i ngleic le filíocht Jenkinson go dtí seo, ghlac siad go misniúil le dúshlán an fhile (1988: 51) gan foinsí seachtracha a tharraingt isteach agus dán dá cuid faoi chaibidil. Mionanailís laistigh de phriosma an dáin nó na ndánta is mó a chleacht siad dá bhrí sin. Sa pháipéar seo brisim an nós sin agus seachnaím, den chuid is mó, aon phlé ar scríbhneoireacht chruthaitheach Jenkinson. Ina ionad sin, is é aidhm an pháipéir ná scéal suimiúil a teacht chun solais a insint agus iniúchadh a dhéanamh ar a causa scribendi mar a léirítear é ina saothar neamhfhicsin. Féachaim leis an mhéid sin a dhéanamh gan teacht salach ar mhian an fhile gan ‘míniú’ beathaisnéise a lorg dá saothar. Tá an t-alt seo roinnte ina thrí chuid. Tugann cuid a haon cuntas gasta stairiúil ar an mhistéir a bhain le persona fileata Jenkinson sna luathbhlianta. Déanann cuid a dó anailís ar na tuairimí a thagann chun tosaigh arís agus arís eile ina cuid aistí agus in agallaimh léi. Ar deireadh, luaitear duáilcí na filíochta a gcuireann Jenkinson go láidir ina gcoinne ina saothar neamhfhicsin.

Keywords