COMHARTaighde (Nov 2018)

Cáit Ní Dhonnchadha: idir shamhail agus ghníomhaí na hAthbheochana

  • Ailbhe Ní Ghearbhuigh

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2018.03
Journal volume & issue
Vol. 4, no. 1
p. e3

Abstract

Read online

Tá an aiste seo bunaithe ar an ábhar atá i leabhar gearrthóg a bhain le Cáit Ní Dhonnchadha, deirfiúr Thorna (Tadhg Ó Donnchadha), atá le fáil mar earra neamhchláraithe i measc Bhailiúchán Thorna i Leabharlann Boole, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Is mian liom spléachadh a thabhairt ar an méid a bhain sí amach le linn thréimhse na hAthbheochana, agus go háirithe sna blianta 1904-1913, an tréimhse atá i gceist san ábhar iriseoireachta sa leabhar gearrthóg. Díreofar ar na gnéithe seo a leanas dá saothar go háirithe: an pháirt a ghlac sí i ‘dtaibhléiriú’ an náisiúin, a cuid iarrachtaí chun smaointe féintuilleamaíocha a chur chun cinn, agus an ról lárnach a bhí aici i bhforbairt agus i gcur chun cinn na camógaíochta. Is éard a bheidh á áiteamh agam ná gur minic í ag feidhmiú go siombalach mar íomhá idéalach de bhanúlacht na hÉireann ach go n-aimsíonn sí a guth féin trí mheán na hiriseoireachta in An Claidheamh Soluis agus in The Irish Homestead agus ina cuid gníomhachais ar son na camógaíochta. Bhí Cáit ina hidirghabhálaí tábhachtach idir gluaiseachtaí éagsúla agus is féidir an nua-aoiseacht ailtéarnach a shonrú san fhís a bhí aici don tír.

Keywords