COMHARTaighde (Nov 2015)

Mudes teangeolaíocha agus nuachainteoirí na Gaeilge

  • John Walsh,
  • Bernadette O’Rourke

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2015.09
Journal volume & issue
Vol. 1, no. 1
p. e5

Abstract

Read online

Tugtar ‘nuachainteoirí’ sa taighde seo ar dhaoine a bhaineann úsáid rialta as teanga áirithe ach nach cainteoirí ‘dúchais’ traidisiúnta de chuid na teanga sin iad (féach O’Rourke agus Ramallo 2013; O’Rourke agus Pujolar 2013; O’Rourke et al. 2015). Is trí mheán an oideachais dhátheangaigh nó an tumoideachais a shealbhaíonn an nuachainteoir an teanga go minic, nó tarlaíonn an sealbhú mar thoradh ar chláracha athneartaithe teanga nó cúrsaí d’fhoghlaimeoirí fásta. Tá coincheap an nuachainteora bunaithe ar chritíc ar chatagóirí teangeolaíocha atá in úsáid le fada chun cur síos a dhéanamh ar dhaoine a mbíonn teanga seachas a dteanga ‘dhúchais’ á labhairt acu go rialta: ‘cainteoir T2,’ ‘foghlaimeoir,’ ‘cainteoir dátheangach’ srl (féach O’Rourke agus Pujolar 2013). In ionad díriú ar na heasnaimh a shamhlófaí ar urlabhra an chainteora, bunaithe ar O’Rourke et al. (2015) áitímid sa pháipéar seo go gcabhraíonn coincheap an nuachainteora linn teacht ar thuiscint níos fearr ar ord reatha cumarsáideach na nua-aoiseachta déanaí gona éagsúlacht mhór cainteoirí agus urlabhra. Chomh maith leis sin, ceistíonn an coincheap seo údarás idé-eolaíocht an chainteora dúchais, tugann sé dúshlán a ceannais laistigh de léann na teangeolaíochta trí chéile agus caitheann sé amhras ar chuid de thuiscintí seanbhunaithe an réimse léinn sin. I bhfo-dhisciplíní eile de chuid na teangeolaíochta agus réimsí gaolmhara léinn tá an díospóireacht seo ar siúl le fada an lá (féach Davies 2003). Is le déanaí a tháinig sé chun cinn i dtaighde faoi theangacha mionlaithe (féach O’Rourke agus Ramallo 2011). San aiste seo, déantar anailís ar ghné amháin de scéal nuachainteoirí na Gaeilge, an coincheap ar a dtugtar mudes teangeolaíocha. I sochtheangeolaíocht chriticiúil na Catalóinise, tugtar mudes (muda san uimhir uatha, a chiallaíonn ‘athrú’ nó ‘claochlú’) ar na pointí cinniúnacha sin i saol an chainteora nuair a ghabhann an Chatalóinis ról níos gníomhaí ina s(h)aol agus nuair a thagann athrú suntasach ar a c(h)leachtas teanga. Cuirimidne coincheap an muda i bhfeidhm ar sciar de nuachainteoirí na Gaeilge: daoine ar cainteoirí ardchumasacha, gníomhacha iad a shamhlaítear a bheith ina ‘saineolaithe’ go minic (Piller 2002). Bunaithe ar chur chuige eitneagrafaíoch a thugann tús áite d’insint an chainteora féin, féachtar le mudes éagsúla le linn shaolré an duine a aithint agus déantar cíoradh ar na próisis shóisialta a ghabh leis an gclaochlú teangeolaíoch. Ag tarraingt dúinn ar chritíc ar choincheap an chainteora dúchais, áitímid gur tábhachtaí go minic gnéithe ar nós rogha phearsanta nó inspreagadh an chainteora seachas a c(h)úlra teangeolaíoch. Trí dhíriú ar na mudes teangeolaíocha a thuairiscíonn nuachainteoirí na Gaeilge, féadaimid an t-ord nua cumarsáideach a thuiscint mar fheiniméan solúbtha, luaineach agus athraitheach a bhfuil súil aige ar an todhchaí seachas mar staid statach, reoite agus docht atá bunaithe ar oidhreacht amháin.

Keywords