COMHARTaighde (Nov 2020)

Gaisce An Guth

  • Alan Titley

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2020.11
Journal volume & issue
Vol. 6
p. e11

Abstract

Read online

Tuairisc agus plé atá san aiste seo ar an iris filíochta An Guth ar foilsíodh seacht n‑eagrán de idir 2003 agus 2012. Iris nó irisleabhar ba ea é, a chuir an file Rody Gorman in eagar, inar foilsíodh bunfhilíocht sa Ghaeilge agus sa Gháidhlig araon, maraon le haistriúcháin ó theangacha éagsúla. Déantar scagadh ar a thábhacht mar oidhre ar na hirisí Innti agus Gairm agus ar an gceangal a neartaigh sé idir éigse Éireann agus Alban. Féachtar go mion ar fhairsinge an ábhair a foilsíodh ann agus conas mar a leithrigh sin ón nuafhilíocht eile a bhí coitianta le leathchéad bliain roimhe sin. Féachtar chomh maith ar an tslí ar chothaigh sé filí nua fara ardán a thabhairt do na filí seanbhunaithe sa dá theanga. Ní hamháin gur sholáthraigh sé ábhar nua filíochta dúinn go rialta ach is foinse luachmhar fós é le staid na héigse a mheas i dtús na haoise seo. Tugtar mionsonraí maidir le méid agus le héagsúlacht na n‑eagrán, le hilchineál an ábhair agus le scóp a réimse. Déantar iarracht ar chiall a bhaint as an rabharta filíochta seo agus tugtar meas ar neart agus ar laigí na nuafhilíochta comhaimseartha dá réir. Tógtar an cheist bhreise maidir le heaspa díospóireachta timpeall ar an bhfilíocht sin inniu.

Keywords