COMHARTaighde (Nov 2019)

Ainmneacha Gaeilge ar Dhá Phlanda Dhúchasacha

  • Nicholas Williams

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2019.05
Journal volume & issue
Vol. 5
p. e5

Abstract

Read online

San alt seo cuirtear síos ar na hainmneacha éagsúla Gaeilge atá ar ‘goosegrass’ (Galium aparine) agus pléitear an t‑ainm athabha (Oenanthe crocata) freisin. Tá ‘goosegrass’ flúirseach in Éirinn agus tá níos mó ná ainm amháin Gaeilge air. Tagraíonn na hainmneacha do ghairbhe an phlanda agus don chaoi a ngreamaíonn idir phlanda agus shíolta d’fhionnadh ainmhithe agus d’éadach daoine. Is tagairt an t‑ainm is spéisiúla don úsáid a bhaintí as G. aparine chun bainne a scagadh, feidhm a bhí le fáil de réir cosúlachta i measc na Sean-Ghréagach. Tá O. crocata ar cheann de na plandaí dúchasacha is nimhiúla in Éirinn. Cé go ndealraíonn sé go dtugtaí an t‑ainm athabha agus a sheachfhoirmeacha dathabha agus tathabha ar phlandaí eile, is léir nach mbaintí feidhm as an ainm ach le tagairt do phlandaí fíornimhiúla. Ar an ábhar sin, moltar an t‑ainm athabha, ar tagairt é dá chontúirtí is atá an planda, agus an tsanasaíocht á cíoradh san alt seo.

Keywords