COMHARTaighde (Nov 2015)

Ar mo chéad fhéachaint isteach dom in Sáirséal agus Dill

  • Tadhg Ó Dúshláine

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2015.08
Journal volume & issue
Vol. 1, no. 1
p. e4

Abstract

Read online

Freagra pearsanta atá san alt seo ar shár-insint éacht foilsitheoireachta an chomhlachta thuasluaite. Chuir Sáirséal agus Dill borradh faoi nualitríocht na Gaeilge, agus sholáthraigh caighdeán táirgíochta a bhí ag dul do mhórscríbhneoirí Gaeilge an fichiú haois: Ó Ríordáin, Ó Cadhain, Ó Súilleabháin agus scata eile ar bheag a bheann ag an stát orthu. Tá ardchaighdeán an tsaothair seo ag teacht leis sin: scéal substaintiúil pearsanta curtha i láthair go cruthaitheach agus go scolártha (ars est celare artem), taitneamhach, i leabhar gleoite tarraingteach, ealaíonta. ‘Scéal Foilsitheora’ agus scéal na beirte sin a rinne breis agus a gcion d’éigse Gael. Leabhar mórchroíoch spreagúil, ionraic a mhúsclaíonn meas, misneach agus ruainne beag feirge le daille oifigeach áirithe stáit. Chuir na ceannródaithe seo i gcúrsaí foilsitheoireachta na Gaeilge réabhlóid chultúrtha ar bun a thuillfeadh aird an phobail sa bhaile agus i gcéin do scoth na scríbhneoirí Gaeilge. An fairsingiú céadfaíochta a tíolacadh do ghlúin na hAthbheochana agus a bhrostaigh chun gníomhaíochta nárbh eol dóibh a bheith ar a gcumas, d’fhág le huacht mórtas cine agus féinmhuinín agus fonn gníomhaíochta ag glúin an Chomhchaidrimh; agus bhrostaigh cuid acu, Seán Ó hÉigeartaigh agus Bríghid Ní Mhaoileoin, ach go háirithe, chun tine bheo na haislinge a ateilgean faoi chló na réabhlóide cultúrtha le díograis agus le dúthracht féin-íobartha. Éacht chomh spreagúil sin nach leomhann neamhchúis ar ár bpáirtne. Ábhar mórtais agus maíte agus sinn ag druidim le comóradh Éirí Amach na Cásca.

Keywords