COMHARTaighde (Oct 2017)

Cosc ar chluichí gallda: uirlis náisiúntachta ag Cumann Lúthchleas Gael (1885–1935)

  • Cathal Billings

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2017.01
Journal volume & issue
Vol. 3, no. 1
p. e1

Abstract

Read online

Chuir Cumann Lúthchleas Gael (CLG) cosc ar a chuid ball páirt a ghlacadh in imeachtaí aon chumainn spóirt eile den chéad uair ar Lá Fhéile Pádraig 1885. Ní raibh tábhacht mhór pholaitiúil ná idé-eolaíoch leis an gcosc seo go fóill, áfach, agus bhí feidhm phraiticiúil leis, a chinnteodh pobal imeartha dílis i laethanta luatha an chumainn. Nuair a tugadh feidhm don chosc ar bhonn náisiúnta arís i 1905, cosc a mhairfeadh go dtí 1971, bhí an ghné pholaitiúil de i bhfad níos treise ann agus é anois ina léiriú ar theacht chun cinn an náisiúnachais a spreag agus a chothaigh an athbheochan chultúrtha, a raibh CLG chun tosaigh inti. Ba é an traidisiún a samhlaíodh a bheith ag cluichí CLG a dhealaigh iad ó na cluichí gallda a bhí faoi chosc. Leag bunaitheoirí CLG béim ar an traidisiún a bhain lena gcluichí féin i gcomparáid le cluichí eile in Éirinn agus mhaígh siad go raibh dúchas agus ársaíocht ag baint leis an iomáint agus leis an bpeil Ghaelach, iad ina sainchluichí íonghlana Gaelacha. Ghnóthaigh sé seo stádas eisceachtúil do na cluichí agus do CLG sa saol náisiúnta i ndeireadh an naoú haois déag agus i dtús an fichiú haois. Ba é an traidisiún céanna a lig do CLG, le tacaíocht ó eagraíochtaí náisiúnacha eile agus le tacaíocht an rialtais i ndiaidh bhunú an stáit, dianfheachtas bolscaireachta a reáchtáil i gcoinne na gcluichí gallda in ainm chosaint na tíre. Ba léir san fheachtas seo gur síleadh go raibh cluichí áirithe níos gallda ná a chéile agus cuireadh an cosc i bhfeidhm go neamhsheasmhach. Léireofar san alt seo, a dhéanfaidh idé-eolaíocht agus éabhlóid an choisc sa tréimhse 1885–1935 a ríomh mar uirlis chosanta Ghaelach, gur chun leas CLG a bhí an cosc seo agus é ag cur i gcoinne a chuid iomaitheoirí móra i saol spóirt na hÉireann.

Keywords