COMHARTaighde (Nov 2018)

‘Is libhse an chathair’ — Pop Up Gaeltacht agus nuachainteoirí na Gaeilge

  • Stiofán Seoighe

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2018.05
Journal volume & issue
Vol. 4, no. 1
p. e5

Abstract

Read online

Dírítear san alt seo ar choincheap an nuachainteora. Tháinig an coincheap chun cinn sa tsochtheangeolaíocht chriticiúil le deireanas chun dúshlán a thabhairt do thuiscintí agus d’idé-eolaíochtaí stairiúla a shamhlaigh teangacha, agus cainteoirí na dteangacha sin, mar nithe aonchineálacha, do-athraithe agus teoranta (Bucholtz 2003; Doerr 2009; O’Rourke et al. 2015). Sainmhínítear nuachainteoirí mar dhaoine a bhaineann úsáid rialta, ghníomhach as teanga nach í a dteanga dúchais í (O’Rourke et al. 2015). In Éirinn, meastar go bhfuil suas le 200,000 nuachainteoir (Walsh et al. 2015) agus de réir fhigiúirí an daonáirimh (2016) tá 72% de chainteoirí laethúla na Gaeilge ina gcónaí lasmuigh den Ghaeltacht. Tá spásanna nua sóisialta d’úsáid na Gaeilge tagtha chun cinn i gcathracha na tíre le roinnt blianta anuas. Dírítear san alt seo ar spás amháin den chineál sin, Pop Up Gaeltacht Bhaile Átha Cliath. Aithnítear go mbíonn nuachainteoirí gníomhach i bhforbairt spásanna den chineál seo agus iad sa tóir ar phobail chleachtais nua (Walsh agus Lane 2014). Áitím, mar sin, go mbaineann tábhacht ar leith le hanailís a dhéanamh ar mheon nuachainteoirí ina leith. San alt seo, déantar anailís ar shonraí a bailíodh le dhá bhliain anuas ó nuachainteoirí óga na Gaeilge trí mheán na n-agallamh leathstruchtúrtha beathaisnéiseach, cur chuige tairbheach chun ‘conairí teanga’ (Busch 2015; Woolard 2016) nuachainteoirí a ransú. Scagtar ceisteanna a bhaineann go háirithe le barántúlacht, dlisteanacht agus féiniúlacht an nuachainteora toisc gur tháinig siad chun cinn go minic in insintí na rannpháirtithe féin. Próiseas leanúnach is ea próiseas an dlisteanaithe faoi mar a bhaineann sé le nuachainteoirí mionteangacha (Ortega et al. 2016). Chuige sin, fiosraítear tionchar féideartha Pop Up Gaeltacht ar phróiseas dlisteanaithe an nuachainteora agus a fheidhm mar phobal cleachtais do Ghaeilgeoirí uirbeacha, trí insintí na rannpháirtithe taighde a iniúchadh. Tugtar spléachadh freisin ar na hidé-eolaíochtaí teanga agus na dioscúrsaí atá á gcothú ag Pop Up Gaeltacht.

Keywords