COMHARTaighde (Oct 2016)

An choimhlint idé-eolaíochta idir Misneach agus an LFM le linn chomóradh 50 bliain an Éirí Amach

  • Hugh Rowland

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2016.07
Journal volume & issue
Vol. 2, no. 1
p. e7

Abstract

Read online

Bhí comóradh 50 bliain Éirí Amach na Cásca ar siúl i 1966, comóradh a mhúscail ceisteanna achrannacha faoin bhféiniúlacht agus faoin ‘náisiún’. Laistigh de chomhthéacs athraitheach agus guagach na seascaidí in Éirinn, thug an comóradh 50 bliain spreagadh don aos acadúil agus polaitiúil chun na seanchinnteachtaí faoi struchtúr agus faoi bhéascna na sochaí in Éirinn a cheistiú. Bhí Misneach agus an Language Freedom Movement (LFM), eagraíochtaí a bunaíodh i 1963 agus 1965 faoi seach, ina ndlúthchodanna den allagar seo ag an am. Údar mór achrainn agus coimhlinte ba ea an comóradh 50 bliain agus lena linn phléigh an LFM mar aon le Misneach an iliomad tuiscintí a bhí acu faoi ról na teanga i gcothú agus i gcruthú na náisiúntachta Éireannaí. Trí dhul i muinín faisnéis agallaimh, cartlainne agus nuachtáin, déanann an aiste seo cur síos stairiúil ar chuid den allagar a bhain le ceist na teanga le linn tréimhse mhórathruithe in Éirinn.

Keywords