COMHARTaighde (Dec 2021)

Feasacht teanga an mhúinteora ábhair iarbhunscoile sa tumoideachas: dearcthaí, eispéiris agus tuairimí múinteoirí ábhair i nGaelcholáistí

  • Christine Ní Chathasaigh,
  • T.J. Ó Ceallaigh

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2021.03
Journal volume & issue
Vol. 7
p. e3

Abstract

Read online

Úsáidtear an sprioctheanga mar mheán chun an t‑ábhar agus an teanga araon a theagasc sa tumoideachas. Mar sin, is é comhtháthú an ábhair agus na teanga atá lárnach i gcur i bhfeidhm an tumoideachais éifeachtaigh (Cammarata agus Ó Ceallaigh 2020). Dhealródh sé, mar sin, gur cheart go mbeadh ardinniúlacht sa tumtheanga mar bhonn agus mar thaca ag cleachtais teagaisc an mhúinteora ábhair sa tumoideachas iarbhunscoile. Ach, ní mar sin a bhíonn i gcónaí áfach (Nic Réamoinn 2017; Ó Ceallaigh et al. 2019; Ó Treasaigh 2019; Uí Ainiféin 2015). Faoi mar a leathnaíonn an córas tumoideachais in Éirinn agus líon níos mó scoláirí ag freastal ar Ghaelcholáistí (iar-bhunscoileanna ina ndéantar an teagasc trí mheán na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht), is suntasaí i bhfad an tábhacht a bhaineann le múinteoirí atá an-inniúil i dteanga an teagaisc agus atá cáilithe chun na réimsí ábhair a theagasc. San alt seo, tugtar tuairisc ar thaighde, ó pheirspictíocht an mhúinteora ábhair sa Ghaelcholáiste, ar na dúshláin mhóra atá le sárú chun déileáil le héilimh an ábhair acadúil agus, ag an am céanna, chun inniúlacht sa tumtheanga a fhorbairt i measc na scoláirí. Bailíodh sonraí ó chúigear múinteoirí ó Ghaelcholáistí éagsúla trí agallaimh agus trí ghrúpa fócais a chur i gcrích. Soláthraítear leis na torthaí léargais ar leith ar na dúshláin shuntasacha a bhíonn ag múinteoirí ábhair sa seomra ranga lán-Ghaeilge iarbhunscoile. Léirítear neamhchinnteacht, easpa tuisceana agus easpa feasachta faoi ról an mhúinteora ábhair ó thaobh na teanga de i dteagasc ábharbhunaithe. Tá tosca áirithe aitheanta a chuireann isteach ar chumas an mhúinteora ábhair cruinnúsáid na Gaeilge a chothú sa rang: inniúlacht teanga neamhleor, easpa oideachais, easpa tacaíochta, easpa treorach. Ag deireadh an ailt, déantar plé ar na himpleachtaí atá ann don fhorbairt ghairmiúil agus don taighde amach anseo.

Keywords