COMHARTaighde (Oct 2017)

Pádraig Ó Broin (1908–1967): ar thóir a oidhreachta Gaelaí i gCeanada

  • Pádraig Ó Siadhail

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2017.05
Journal volume & issue
Vol. 3, no. 1
p. e5

Abstract

Read online

Bhí J. Patrick Byrne ina ghasúr nuair a rinne sé féin is a mhuintir imirce ó Bhaile Átha Cliath go Toronto timpeall 1913. Faoi na 1930idí, bhí Byrne ag promhadh a phinn mar fhile Béarla i gCeanada nuair a tháinig sé trasna ar an Ghaeilge gur chuir sé roimhe an teanga a fhoghlaim is an chuid sin dá oidhreacht chultúrtha a bhí ceilte air i gCeanada a athshealbhú. An toradh a bhí ar an iarracht sin ná dornán dánta Gaeilge a d’fhoilsigh Byrne faoin leagan Gaeilge dá ainm, Pádraig Ó Broin, in Éirinn agus i gCeanada sna 1940idí. Bhí creidiúint ag dul don Bhranach as an dua a chaith sé leis an Ghaeilge a fhoghlaim thar lear agus leis na dánta féin. Ach is dealraitheach gurbh í an tuiscint nach mbeadh a chuid Gaeilge thar mholadh beirte choíche a thug air éirí as a bheith ag foilsiú filíochta sa teanga seo. Lean sé de bheith ag scríobh i mBéarla ach mhair an spéis a bhí aige sa Ghaeilge agus sa litríocht. Agus sna 1950idí luatha, d’imir Ó Broin ról lárnach i mbunú, i reáchtáil agus in eagarthóireacht Irisleabhar Ceilteach (1952–1954) agus Teangadóir (1953–1960), irisí liteartha in Toronto a bhí ina bhfóram d’ábhar sna teangacha Ceilteacha agus d’ábhar i mBéarla faoi na teangacha céanna. Tá Pádraig Ó Broin féin, a chuid dánta Gaeilge, agus an dá iris Cheilteacha gan iomrá. San aiste seo, tugtar spléachadh ar bheatha an Bhranaigh, ar na dánta sin, ar na hirisí is ar a bhfuil iontu agus ar na húdair ba rialta a chuireadh ábhar ar fáil dóibh. Cuirtear innéacs cuimsitheach den dá iris ar fáil mar aguisín leis an alt seo.

Keywords