COMHARTaighde (Nov 2019)

Comhtháthú an ábhair agus na teanga i gcomhthéacs an tumoideachais: múinteoirí faoi oiliúint i mbun éabhlóide tríd an Staidéar Ceachta

  • T.J. Ó Ceallaigh,
  • Mairéad Hourigan,
  • Aisling Leavy

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2019.03
Journal volume & issue
Vol. 5
p. e3

Abstract

Read online

Cé go bhfuil sé léirithe sa taighde go bhfuil éifeacht leis an tumoideachas i suíomhanna teanga éagsúla, níl tuiscint iomlán againn fós ar chomhtháthú teanga agus ábhair in oideolaíocht an tumoideachais. Is céimeanna ríthábhachtacha iad ullmhú agus forbairt ghairmiúil na múinteoirí in éabhlóid an tumoideachais éifeachtaigh teanga in Éirinn. Idir uathúil agus chasta atá an bonn eolais agus na scileanna oideolaíocha atá ag teastáil do sheomraí ranga an oideachais lán-Ghaeilge. In ainneoin nádúr éagsúil agus dinimiciúil na gclár tumoideachais, is beag taighde atá déanta ar bhonn eolais bunriachtanach an mhúinteora chun ábhar a shealbhú agus chun inniúlacht sa dara teanga a fhorbairt ag an am céanna. Tuairiscítear san alt seo conas a thacaigh staidéar ar an gcomhtháthú teanga agus ábhair, inar díríodh ar theagasc na matamaitice i mbunscoileanna lán-Ghaeilge, le múinteoirí bunscoile faoi oiliúint an bhearna idir an teanga agus an t-ábhar (an mhatamaitic) a dhúnadh sa tumoideachas. Baineadh leas sa staidéar as an Staidéar Ceachta ón tSeapáin mar chreat struchtúrach chun ceachtanna matamaitice a dhearadh agus a chur i bhfeidhm i mbunscoileanna lán-Ghaeilge. Bailíodh sonraí cáilíochtúla ó fhoinsí éagsúla ar fud thimthriall an Staidéir Ceachta. Soláthraítear leis na torthaí léargais ar leith ar an eolas riachtanach a bhaineann le ceachtanna ábhair a dhearadh agus a chur i bhfeidhm i suíomhanna lán-Ghaeilge, agus léirítear iontu na dúshláin atá le sárú ag múinteoirí faoi oiliúint chun an teagasc cothromaithe teanga agus ábhair a sholáthar sa tumoideachas. Féachtar go mion ar na castachtaí a bhaineann le torthaí teangeolaíocha ar leith a shainaithint agus a chomhtháthú i dteagasc ábharbhunaithe agus aithnítear straitéisí an-éifeachtach teagaisc agus foghlama lena gcothaítear comhtháthú an ábhair agus na teanga.

Keywords