COMHARTaighde (Nov 2015)

Mediae Noctis Consilium — céadfhoilsiú Cúirt an Mheán Oíche le Brian Merriman

  • Proinsias Ó Drisceoil

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2015.01
Journal volume & issue
Vol. 1, no. 1
p. e3

Abstract

Read online

Cíorann an t-alt seo scéal chéadeagrán an dáin iomráitigh Cúirt an Mheán Oíche le Brian Merriman, agus mar a d’fhoilsigh an t-eagarthóir, an foilsitheoir agus an díoltóir leabhar Seán Ó Dálaigh, faoin scigtheideal Laidine Mediae Noctis Consilium é, i seascaidí nó i seachtóidí an naoú haois déag. Luaitear dáta foilsithe bréige agus foilsitheoir agus ionad foilsithe magaidh sa Chúirt seo faoi bhréagriocht, agus ní luaitear ainm eagarthóra. Ní haon eagrán scoláiriúil barántúil, i dtéarmaí an lae inniu, eagrán seo Uí Dhálaigh, ach caitheann scéal an eagráin solas ar chur chuige foilsitheora a chreid gur ghnó cruthaitheach ab ea an eagarthóireacht agus an fhoilsitheoireacht araon. Ar ndóigh, d’fheil mórshaothar grinn Mherriman do chur chuige magúil seo Uí Dhálaigh, ach b’fhéidir go raibh ceisteanna gnó taobh thiar den iarracht freisin. Ar deireadh thiar thall, áfach, ba fhoilseachán é a chuir comaoin ar litríocht na Gaeilge, gníomh cruthaitheach aiteasach a d’fhreagair go maith don áilteoireacht sa dán féin agus do mheon na Cúirte mar a thuig an Dálach é.

Keywords