COMHARTaighde (Nov 2020)

An aigne neamhchoilínithe: gné d’fhilíocht Joe Steve Uí Neachtain

  • Gearóid Denvir

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2020.01
Journal volume & issue
Vol. 6
p. e1

Abstract

Read online

Áitíonn an t-alt seo go n‑eascraíonn filíocht Joe Steve Uí Neachtain as an domhan samhailteach céanna le “seanaigne” mhuintir na mBlascaodaí mar a dhéanas Seán Ó Ríordáin cur síos uirthi ina dhán ‘Na Blascaodaí’, domhan a chuir ‘seancheoltóirí teangan’ Mhichael Davitt in iúl trí mheán an fhocail a tháinig anuas chucu le hoidhreacht. Cuireann an t-alt seo an argóint chun tosaigh go mbaineann an aigne seo leis an Éirinn neamhchoilínithe neamhBhéarlaithe a shamhlaigh Ó Ríordáin ina dhán cáiliúil ‘Fill Arís’, áit a n‑iarrann sé ar an léitheoir an léim mhór samhlaíochta a thabhairt a chuirfeadh i gcás nár coilíníodh Éire agus gur mhair an traidisiún Gaelach gan bhearna. Léiritear go bhfuil saothar Joe Steve neadaithe sna tuiscintí traidisiúnta ar cheird na filíochta ó fhilíocht leithéidí Raiftearaí agus de Bhailís sa 19ú haois anuas go dtí filí pobail na linne seo i nGaeltacht Chonamara. Tugtar chun suntais cuid de na tuiscintí, de na gnásanna agus de na cleachtais thraidisiúnta shóisialta agus chultúrtha atá ar chúl an tsaothair, agus dírítear aird freisin ar na modhanna reacaireachta traidisiúnta a mbaineann an file gaisneas astu: an córas meafarachta, meadaracht an amhráin thraidisiúnta, agus go mór mór na tagairtí ilchineálacha idirthéacsúla atá ar fud na mball. Tugtar aird ar leith ar an teanga shaibhir dhúchasach Gaeltachta atá fite trí na dánta ar fad, nó mar a thug an file féin uirthi, an ‘chruachaint’, an ‘tSean-Ghaeilge’, an ‘ghlaschaint’ agus an chaint ‘thráthúil fhileata’ a bhíodh ag na seanfhilí agus iad ‘ag tabhairt dúshlán a chéile’ i véarsaí. Áitítear go bhfuil an fhilíocht luath sa gcéad dá chnuasach leis, Fead Ghlaice (1986) agus De dhroim leice (1990), fáiscthe as an bhfilíocht phobail, ach go mbaintear earraíocht i bhfad níos caolchúisí as an ábhar céanna ina shaothar aibí sa dá chnuasach ina ndiaidh, An Dé Deiridh (2008) agus Fad Saoil (2015), a théas i ngleic le saol na freacnairce agus le cúraimí na hindibhide ag tabhairt aghaidhe ar a bheatha inmheánach féin agus ar an saol mór amuigh, na cúraimí is dual don nualitríocht.

Keywords