COMHARTaighde (Oct 2016)

‘An dán is deise agus is fileata san Nua-Ghaedhilg’: eagarthóireacht Phádraig Mhic Phiarais ar an dán dar tús ‘Ochón, a Dhonnchadh’ le Pádraig Ó hÉigeartaigh

  • Síobhra Aiken

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2016.01
Journal volume & issue
Vol. 2, no. 1
p. e1

Abstract

Read online

Foilsíodh caoineadh Phádraig Uí Éigeartaigh ar a mhac den chéad uair ar An Claidheamh Soluis in Aibreán na bliana 1906. Ba i Springfield, Massachusetts, a bhí cónaí ar an bhfile nuair a rinne sé an caoineadh seo i ndiaidh a mhic óig a bádh go tragóideach ar a shlí abhaile ón scoil. Cé gur scríobhadh an dán i Meiriceá ag tús an fichiú haois, deir Seán Ó Tuama agus Thomas Kinsella go n-éiríonn leis an bhfile ‘a chumha a nochtadh i véarsaíocht lán-oilte, faoi mar a dhéanfadh duine de na máistrí filíochta thiar sa 17ú nó 18ú céad’ agus dar le Muiris Ó Droighneáin gurb é ‘an dán is deise agus is fileata san Nua-Ghaedhilg’ é. Tá stádas canónach bainte amach ag an gcaoineadh seo agus is iomaí duanaire d’fhilíocht na hÉireann a foilsíodh le céad bliain a bhfuil an dán le fáil ann. Ach in ainneoin chlú sin an dáin, is ar éigean a thugtar aitheantas don fhile, Pádraig Ó hÉigeartaigh. Léirítear san aiste seo go bhfuil cuid mhaith díolaimí filíochta breac le míthuiscintí ar shaol an fhile, ar scríbhneoir bisiúil agus athbheochanóir mór le rá lena linn é. Ach chomh maith leis sin, léirítear nach ionann an caoineadh atá sa chanóin liteartha agus an bunleagan a scríobh an file féin. Nuair a chuir Pádraig Mac Piarais an dán i gcló don dara huair ar The Irish Review i 1911, is amhlaidh gur ghearr sé trí véarsa amach as an mbunleagan agus chuir craiceann nua ar an dán. Pléitear na véarsaí a tógadh amach san aiste seo agus déantar scagadh ar an idé-eolaíocht laistiar den eagarthóireacht shuntasach a rinne an Piarsach ar an dán. Áitítear gur bhain Mac Piarais tagairtí do theaghlach an fhile d’aon ghnó leis an dán a nascadh le litríocht na cosmhuintire agus, chomh maith leis sin, le caoineadh uilíoch a chruthú de réir na ngnásanna liteartha a bhí á gcleachtadh san Eoraip an uair sin. Ina theannta sin, caitheann scéal an dáin amhras ar an gcaoi a nglactar le dánta faoi mar a chuirtear os ár gcomhair iad agus léiríonn an gá toise seachliteartha na heagarthóireachta a chur san áireamh i gcónaí.

Keywords