COMHARTaighde (Dec 2021)

Turas na dTaoiseach Ultach as Éirinn: Dialann Taistil nó Taisteal Anama?

  • Mícheál Mac Craith

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2021.02
Journal volume & issue
Vol. 7
p. e2

Abstract

Read online

Cé gur tugadh dialann ar Turas na dTaoiseach Ultach as Éirinn, is beag an chabhair a thugann an rangú seo dúinn chun léargas ceart a fháil ar cheapadóireacht Thaidhg Uí Chianáin. Siúd is go gcuimsíonn an reacaireacht beagnach cúig mhí dhéag, caitear níos mó ná daichead faoin gcéad den chuntas ar aon dá lá amháin, oilithreacht Loreto agus oilithreacht na Seacht mBaisleac sa Róimh. Áitítear san aiste seo go bhfuil coincheap na hoilithreachta lárnach sa téacs ar fad. Le linn na tréimhse a chaith siad san Ísiltír Spáinneach idir Samhain 1607 agus earrach na bliana dár gcionn, fuair Aodh Ó Néill agus Tadhg Ó Cianáin araon tuiscint ar an gcaoi ar mhúnlaigh an pietas austriaca iompar na n‑ard-diúic Albert agus Isabella, idir chreideamh agus pholaitíocht. Chonaic siad ina theannta sin an ról lárnach a d’imir oilithreachtaí go Halle, tearmann fíorcháiliúil le Muire san Ísiltír Spáinneach, nuair a bhí cinntí tábhachtacha polaitíochta á dtógáil ag na hard-diúic. An cineál stáit chaitlicigh nach bhféadfadh Ó Néill ach a shamhlú in Éirinn, bhí sé ag feidhmiú go paiteanta i bhFlóndras os comhair a dhá shúl. Rinne Tadhg Ó Cianáin pietas ulidiana den pietas austriaca. Ina theannta sin, más reacaireacht phoiblí seachas léitheoireacht phríobháideach a bhí i gceist ag Ó Cianáin, bhí ar a chumas communitas fíorúil oilithreach a chruthú dóibh siúd nach raibh in ann oilithreachtaí fisiciúla a dhéanamh, ‘taisteal anma’ a sholáthar dóibh, agus gaisneas a bhaint as fuaimeanna dea-roghnaithe a chuid ceapadóireachta d’fhonn a leasa spioradálta.

Keywords