COMHARTaighde (Dec 2021)

‘Gaoth Anoir’ le Conleth Ellis agus an ré iar-Chernobyl

  • Laoighseach Ní Choistealbha

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2021.04
Journal volume & issue
Vol. 7
p. e4

Abstract

Read online

Téann an t‑alt seo i ngleic leis an dán fada ‘Gaoth Anoir’ leis an fhile dátheangach Conleth Ellis. Pléann an dán an saol tar éis an phléasctha i bhfreasaitheoir uimhir a ceathair i stáisiún núicléach Chernobyl ar an 26 Aibreán 1986. Foilsíodh an dán den chéad uair in 1988 ach níor cnuasaíodh é go dtí 2014, nuair a d’fhoilsigh Coiscéim Stór na Síthe, a chuir Cathal Ó Háinle in eagar. Déanfar mionléamh téacsúil ar an dán ‘Gaoth Anoir’ san alt seo. Pléifear dhá pheirspictíocht ar iarmhairtí na radaíochta iar-Chernobyl a chíortar go mion sa dán: an baol radaighníomhach a bhagraíonn anoir ar cheantar an reacaire, agus lorg an duine dhaonna a fhágtar ar thírdhreach sceirdiúil Pripyat, baile na n‑oibrithe atá lonnaithe gar don fhreasaitheoir a phléasc. Déanfar meafair, íomhánna, agus friotal an dáin a chardáil san alt d’fhonn an dóigh a ndéantar athláithriú ar radaíocht Chernobyl — baol marfach dofheicthe — a fhiosrú. Léireoidh an t‑alt seo go dtuilleann Conleth Ellis aird agus aitheantas, mar dhuine ‘d’fhilí na hidirghlúine’, faoi mar a rinne Gréagóir Ó Dúill cur síos ar na filí siúd a tháinig chun cinn i ndiaidh mhórfhilí na gcaogaidí, ach roimh ghlúin INNTI. Is mithid aird bhreise a thabhairt ar shaothar Ellis, idir Bhéarla agus Ghaeilge.

Keywords