COMHARTaighde (Nov 2018)

‘Ag imeacht le sruth an tsaoil’: súil eile ar ghnéithe den litríocht taistil

  • Pádraig de Paor

DOI
https://doi.org/10.18669/ct.2018.01
Journal volume & issue
Vol. 4, no. 1
p. e1

Abstract

Read online

Scrúdaíonn an t-alt seo gnéithe den litríocht taistil sa Ghaeilge. Áitítear nach mór idirdhealú a dhéanamh idir an scríbhneoireacht taistil nach bhfuil inti ach cuntas agus an litríocht taistil ar saothar ealaíonta de chuid na samhlaíochta í. Féachtar le modh eile léitheoireachta a fhorbairt nach leanann téarmaí tagartha na ndioscúrsaí atá thuas i ngort sin na critice ar an litríocht taistil sa Ghaeilge faoi láthair (an chéannacht agus an eileacht, idirchultúrachas, inscne, polaitíocht teanga). Ina ionad sin, féachtar le modh léitheoireachta a fhorbairt a chuireann pléisiúr an taistil agus pléisiúr na léitheoireachta ag croí an scrúdaithe ar an litríocht taistil. Chuige sin, baintear leas as trí choincheap: An dul le sruth nó ‘flow’, an carnabhalachas nó ‘carnvalesque’ agus an t-eispéireas teorann nó ‘limit experience’.

Keywords